localnews.ie

Ní fúmsa a bhí an cás seo, bhí sé i gcónaí faoi Gaza - Mo Chara ó Kneecap

By Concubhar Ó Liatháin, The Journal

This story is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version here .

Tar éis gur rialaigh cúirt i Londain maidin inniu go raibh Liam Óg Ó hAnnaidh ó Kneecap saor ón gcúis a tugadh ina choinnibh faoi reachtaíocht frith sceimhlitheoireacht, d’eisigh an ceoltóir ráiteas ag gabháil buíochais lena fhoireann dlí, lena ateangaire agus lena lucht tacaíochta agus ag tabhairt le fios do Rialtas na Breataine nach dtostfaí é.

Is amhlaidh gur rialaigh an breitheamh Paul Goldspring i gCúirt Chorónach Woolwich go raibh an iomarca ama caite idir an am a thárla an eachtra atá luaite sa ghearán agus an am gur cúisíodh é. Bhí sé curtha i leith Ó hAnnaidh gur thaispeáin sé brat de chuid Hizbollah, grúpa atá áirithe mar sceimhlitheoirí sa Bhreatain de réir reachtaíochta frith sceimhlitheoireachta, agus é ar an ardán i bhFóram O2 ar 21 Samhain.

Tharla an eachtra nuair a bhí Kneecap ar an ardán i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024. Níor cúisíodh Ó hAnnaidh go dtí 22 Bealtaine 2025 cé gur thug póilíní Londain le fios do go ndéanfaí é a chúiseamh ar 21 Bealtaine.

Níor mhair an éisteacht os comhair an Giúistís Paul Goldspring ach ceathrú uair a chloig agus dúirt sé ag a dheireadh: “Mr Ó hAnnaidh you are free to go.”

Dúirt Ó hAnnaidh go raibh “eolas ag daoine ó Éirinn ar bheith faoi chois, ar choilíneachas, gorta agus cine-dhíothú”.

“Táimíd tar éis fulaingt – agus táimíd go fóill ag fulaingt – de bharr bhúr ‘n-impireacht’.”

KNEECAP / X (Formerly Twitter)

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh rialú na cúirte go raibh an chás in éadan Ó hAnnaidh ‘mí dhleathach, ar neamhní’.

“Bhí bród ar Chonradh na Gaeilge seasamh le Liam Óg agus @KneecapCeol le míonna anuas agus é ag ardú a ghlóir ar son na Palaistíne i gcuirteanna Shasana, uilig trí mheán na Gaeilge,” dúirt an eagras i ráiteas foilsithe ar X.

Conradh na Gaeilge ⭕️ / X (Formerly Twitter)

Is cinnte gur dhein an chúis a cuireadh i leith Ó hAnnaidh go leor dochar do Kneecap sa mhéid is go raibh ar an ngrúpa camchuairt ar Stáit Aontaithe Mheirceá a chur ar cheal agus, an tseachtain seo cháite, d’úsáid ball de Rialtas Cheanada an chúis mar leithscéal chun cosc a chur ar an ngrúpa dul go dtí an tír sin. Tá cás dlí á thabhairt ag Kneecap in éadan an pholaiteora ó Cheanada mar gheall ar chlúmhilleadh.

Related Reads Terrorism case against Kneecap rapper Mo Chara thrown out by London court 'Gan an Phuball Gaeilge ag an Electric Picnic ní bheadh muid ann', deir Kneecap 'The British state is on edge': Kneecap's second day in court sees police action and legal wrangling

Agus é ar chuairt go Ceanada an tseachtain seo dhearbhaigh an Taoiseach, Mícheál Martin, nár thóg sé an chosc ar Kneecap taisteal go dtí an tír sin agus é ag labhairt leis an bpríomhaire in Ottawa, Mark Carney.

Bhí teachtaireacht neambhalbh ag comrádaí Mo Chara, is é sin Moglaí Bap, a d’fhoilsigh sé ar na meáin soisíalta. “Anois is féidir le na meáin díriú ar an bhfíor scéal, an chine dhiothú atá fós ag titim amach sa Phalaistín,” dúirt sé ar a chúntas Instagram.

View this post on Instagram

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil