localnews.ie

Fáilte as Gaeilge Phríomh Aire Modi roimh chonradh trádála na hIndia leis an Aontas Eorpach

By Concubhar Ó Liatháin, The Journal

TAR ÉIS DON Aontas Eorpach agus An India comhaontú trádála a aontú an tseachtain seo, chuir Príomh Aire India, Narendra Modi, iontas ar go leor tre fáilte a chuir roimh an mhargadh le postáil as Gaeilge ar á chuid ardáin mheáin shoisíalta.

Ina theachtaireachta as Gaeilge, dúirt an Phríomh Aire gur ‘cloch mhíle shuntasach inár gcaidrimh é conchlúid an Chomhaontaithe Saorthrádála idir An India agus an tAontas Eorpach’.

“Gabhaim buíochas le ceannairí uile na hEorpa thar na blianta as a spiorad cuiditheach agus as a dtiomantas a rinne an éacht seo indéanta,” dúirt sé.

Tá teachtaireachtaí postáilte ag Modi, a áiritear mar pholaiteoir chonspóídeach i measc ceannairí domhanda, i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh ag cur fáilte roimh an gconradh saorthrádála nua.

Is cloch mhíle shuntasach inár gcaidrimh é conchlúid an Chomhaontaithe Saorthrádála idir An India agus an tAontas Eorpach inniu. Gabhaim buíochas le ceannairí uile na hEorpa thar na blianta as a spiorad cuiditheach agus as a dtiomantas a rinne an éacht seo indéanta. Neartóidh an… — Narendra Modi (@narendramodi) January 27, 2026

Deir lucht a cháinte go bhfuil sé ag treorú an India i dtreo na h-éite deise agus tagraíonn siad dá chúlra mar náisiúnaí sa traidisiún Hiondúch. Ach díríonn a thacadóirí áird ar an chabhair a thugann sé do na bochtáin tre íocaíochta leasa shoisíalta agus bealaí eile go bhfuil sé tar éis an India a chuir ar bhóthar a leasa.

Ní raibh aon teachtaireacht as Gaeilge ó Uachtarán an Choimisiún Eorpaigh, Ursula Von Der Leyen.

Chuir go leor a chonaic a phostáil ar X fáilte roimis. Dar le Criostóir Ó Faoláin, ba dhea scéal abea an chomhaontú saor-thrádála. “Ní neart go cur le chéile,” dúirt sé.

Dar le Gearóid Ó Mórdha, tá moladh tuillte ag Modi as meas a léiriú ar theanga dhúchais na hÉireann.

Bhí roinnt teachtaireachtaí cáinteacha freisin ó phostálaithe a léirigh míshástacht go raibh an Ghaeilge á úsáid, dar leo, ag duine ón iasacht.

Tá sé ráite ag scoláirí teanga agus cultúir go bhfuil ceangal laidir idir cultúr na hÉireann agus India agus is iomaí malartú chultúrtha a thárla idir an dhá thír. Ar cheann acu seo bhí malartú ceolmhar ina raibh an chumadóir Peadar Ó Riada agus ceoltóirí móra le rá ó India, Ustad Wajahat Khan, agus a léiríodh sa scannán Continuing Traditions leis an déantóir scannáin aitheanta Dónal Ó Céilleachair.

Related Reads Is í an teanga a nascann sinn - An Ghaeltacht ag ceiliúradh bua stairiúil ag Páirc an Chrócaigh An Roinn 'Digitiúcháin', an Rannóg Aistriúcháin, foclóir nua agus beocht na Gaeilge Níl sé éasca an Ghaeilge bheith ina teanga oibre san Áras - ach tá an aisfhreagra 'dearfach'

Tagann an scéal seo chun tosaigh agus é fógartha an tseachtain seo go mbeidh an Ghaeilge in úsáid in éineacht le Béarla agus Fraincís mar theangacha oifigiúla le linn téarma na hÉireann in Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh sa dara leath den bhliain seo.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil