D’imigh mé go Gabhla... daoine ag filleadh ar oileán beag Gaeltachta
SeachtainTá saol na n-oileán ag mealladh daoine úra arís – agus ar oileán clúiteach Ghabhla amach ó chósta Dhún na nGall, tá brí as an úr sa phobal
An t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin ar oileán Ghabhla an tseachtain seo caite
Tá oileán Ghabhla suite thart ar mhíle ón tír mór, amach ó chósta Ghaoth Dobhair in iarthar Dhún na nGall. Beidh eolas ag daoine ar ainm an oileáin ón amhrán Báidín Fheilimí a d’imigh go Gabhla lá den tsaol.
Oileán de chúig chéad acra talún, le dhá ché agus tuairim is daichead teach cónaithe ann, le beanna ar chúl an oileáin agus tránna breátha ag amharc anonn ar Mhachaire Gathlán agus an Charraig Fhinn.
Lá den tsaol bhíodh bunscoil agus oifig an phoist ar an oileán seo, agus pobal de 169 de réir an Daonáirimh in 1911, le os cionn 30 teach acu. Iascaireacht agus feirmeoireacht na slite beatha a bhí ag pobal an oileáin seo, cosúil le hoileáin bheaga eile ar chósta na Gaeltachta, macasamhail Inis Meáin agus Inis Oirthir in aice láimhe.
Captaen bhád farantóireachta Ghabhla Sabba Curran
Nuair a druideadh Scoil Ghabhla in 1966 mar gheall ar thinreamh na scoile a bheith ag titim, níorbh fhada gur bánaíodh an t-oileán, agus bhog an pobal go dtí an tír mór. Mar gheall ar chomh cóngarach agus atá Gabhla don tír mór, bhí teaghlaigh a choinnigh an ceangal i gcónaí leis an fhód dúchais, agus a rachadh go rialta chun an oileáin, ag fanacht ina dtithe agus ag caitheamh an tsamhraidh ar Ghabhla.
Tá a mbunadh anseo i gcónaí, clann tSuibhne, muintir Mhic Aoidh, na Duibhir agus clann Mhic Giolla Bhríde ar chuid acu. Lean siad de bheith ag iascaireacht amach ón oileán do chrúbóga, gliomaigh agus iasc, agus Gabhla mar bhunáit acu dá mbádaí. Tá corrfhear go fóill ag leanstan an traidisiúin sin, ach tháinig meath ar an tionscal.
Ó luath sna 1990idí ar aghaidh, tháinig dlús le daoine ag cur bail ar sheantithe a muintire ar Ghabhla. Cheannaigh daoine eile tithe lena gcóiriú agus tógadh tithe úrnua fosta.
Bhíodh bád farantóireachta á reáchtáil go séasúrach ag comhlachtaí éagsúla, agus anois is é Sabba Curran a chuireann seirbhís ar fáil ar a bhád ‘The Cricket’ as an Phort Úr i Machaire Gathlán. Bhí séasúr breá ann, a deir sé, le scoláirí Gaeilge, cuairteoirí as thar lear agus muintir na háite ag iarraidh lá a chaitheamh ar an oileán.
Ar dhuine de na teaghlaigh a d’fhág Gabhla nuair a druideadh an scoil, bhí clann Mhic Aoidh as Ard na mBainseog. Tá cuimhne mhaith ag Eddie Joe Mac Aoidh ar a óige ar an oileán.
“D’imigh muidinne nuair a bhí muid inár bpáistí, thart ar dhá bhliain déag, trí bliana déag d’aois, nuair a dhruid an bhunscoil. Bhí craic mhaith ann anseo, obair le déanamh sna páirceanna, ainmhithe ag daoine, cearca agus mar sin de.
“Bhog muidinne – mé féin agus mo dheirfiúracha – amach go dtí’n Choitín in aice le Doirí Beaga le cónaí, agus bhí saol eile ansin dúinn ar an tír mór, ach seo an baile.” Tá aithne ag Eddie Joe ar bheagnach achan duine a d’fhill ar Ghabhla le seantithe a chóiriú nó le tithe úra a thógáil, agus tá lúcháir air gur tháinig athbheochan ar oileán a óige.
“I 1993 a cóiríodh an chéad teach anseo ar Ghabhla, i Mullach an Aird, rud mór a bhí ansin. Anois tá thart fá 40 teach cóirithe nó atógtha.
“Faoi láthair tá ceithre nó cúig theach á gcóiriú. Tá cuid acu sin díreach ag toiseacht, cuid acu atá leath bealaigh réidh agus cuid acu chóir a bheith ansin.
“Tá an obair sin ag gabháil ar aghaidh agus ar aghaidh leis, tá duine úr achan lá ag iarraidh rud inteacht a dhéanamh ar an oileán seo. An chuid is mó de na daoine atá ag cóiriú tithe – mo mhacasamhail féin a d’imigh sna 1960idí nuair a dhruid an scoil agus atá ag teacht ar ais anois – tá siad ag cóiriú suas a mbaile, nó an teach a bhí ann,” a deir sé.
Thug infheistiú mór infreastruchtúir do Ghabhla ón rialtas dóchas do bhunadh oileáin bheaga eile na Gaeltachta, go raibh deiseanna ann le cónaí níos faide nó níos buaine a dhéanamh orthu arís. I Lúnasa 2005, rinneadh uisce reatha agus leictreachas a chur ar siúl go hoifigiúil ar Ghabhla den chéad uair, ar chostas os cionn €350,000. Bhí feachtas ar siúl ó lár na 1990idí ag na hoileánaigh, iad ag iarraidh a bheith ceangailte leis an eangach náisiúnta leictreachais agus in 2001, d’fhógair an tAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív maoiniú de cheathrú milliún punt lena chur ar bun.
Seo forbairt a thug beatha úr don oileán, a deir bunadh Ghabhla. Thar oíche, bhí deireadh le húsáid na ngineadóirí agus le humair uisce nó buidéil uisce a iompar isteach, agus bhí fáil ar chompord an lae inniu i dtithe Ghabhla. Cuireadh cáblaí os cionn dhá chiliméadar ar ghrinneall na farraige, le cuidiú ó fhoireann tumadóireachta, leis na píopaí uisce agus soláthar leictreachais a iompar go Gabhla, ó Mhachaire Gathlán.
Tá siopa beag – An Teach Beag – ag Eddie Joe Mac Aoidh ar Ghabhla ag díol tae, caifé agus bácáil bhaile, rud nach mbeadh ann gan fáil a bheith ar uisce agus leictreachas, a deir sé.
“Thosaigh mé an siopa thart ar ceithre bliana déag ó shin, chan siopa a bhí ann ar dtús, ach ionad oidhreachta. Bhí tollán nó hothouse againn ar chúl mo bhaile in Ard na mBainseog, agus bhí sé ar intinn againn glasraí a dhíol anseo, sin an chéad smaoitiú.
“Rinne muid sin bliain nó dhó, ach tháinig stoirm a mhill an tollán, agus sin deireadh leis.”
Deir Eddie Joe go raibh sé “ag cur díon úr ar a theach samhradh amháin, agus cha raibh lá ar bith dá mbeinn ann nach mbeadh duine inteacht ag teacht chugam ag cuartú cupa tae nó eolas ar an oileán agus b’fhéidir a gcuid daoine muinteartha.
John Boyle ar oileán Ghabhla mar bhall den fhoireann ag cur píopa úr uisce ann
“Cuid mhór daoine bhí siad ag cuartú a gcuid gaolta a chuaigh rompu, as tíortha difriúla, Albain, Sasain, Meiriceá, Ceanada, áiteacha a ndeachaigh a n-aithreacha agus máithreacha móra.”
D’aithin seisean go mbeadh éileamh ar ghnó séasúrach ar Ghabhla nuair a tháinig “cúigear cuairteoir lá amháin ag iarraidh tae agus scéalta uaim, so chuir sin mise ag smaoitiú an siopa seo á reáchtáil!”
Tá gnó ar oileán ar bith ag brath go mór ar an aimsir agus ar líon na dturasóirí, go speisialta ar oileán gan cónaí buan ann i rith na bliana. Bhí an séasúr i mbliana measctha i nDún na nGall ó thaobh aimsire de, ach meallann an áilleacht agus an fiántas daoine go hoileáin cosúil le Gabhla, dar le hEddie Mac Aoidh.
“D’oscail mé i mbliana roimh na Cásca, bhí an aimsir maith an uair sin agus tá muid ag gabháil ó shin. Creidim anois, i Meán Fómhair, tá sé suaimhneach mar tá na scoltacha ar ais.
“Bíonn cuid mhór cuairteoirí ann i rith an tsamhraidh, daoine a bhfuil baint acu leis an oileán, daoine atá ag cuartú eolas ar cén teach as a dtáinig a muintir, na sloinnte a bhí acu agus mar sin, go leor day trippers fosta. Tá daoine ag iarraidh fáil ar shiúl ó na bailte móra, ón trup agus trácht agus rudaí mar sin.”
Ainneoin na mórfhorbartha in 2005, fiche bliain ina dhiaidh sin fágadh Gabhla tirim, gan uisce reatha ó Iúil 2025. D’éirigh an píopa uisce ó thóin na farraige agus scoilteadh é ar bharr uisce.
Deir Bridget Nic Gairbheith, Bainisteoir Chomharchumann na nOileán Beag, gur chuir sé sin isteach go mór ar dhaoine le linn shéasúr an tsamhraidh “gur réabadh nó briseadh an píopa uisce go hiomlán samhradh anuraidh.
“Bhí Gabhla ansin gan uisce, bhí buidéil agus cannaí móra uisce curtha ar fáil do dhaoine, ach ní raibh sin sásúil in áit a raibh tithe ar cíos agus leithris agus folcadáin agus mar sin le reáchtáil.”
Rinne an Comharchumann, ionadaithe poiblí agus daoine le tithe ar an oileán stocaireacht ar Uisce Éireann leis an tsoláthar a athcheangal, rud atá tarlaithe “sa deireadh thiar thall”, ar Bridget, an mhí seo.
Léiriú atá i bhfadhb an uisce ar chuid de na dúshláin atá le sárú ag oileáin bheaga, dar le Bridget Nic Gairbheith.
“Cuireann an fharraige bheith tógtha, drochaimsir agus iargúltacht isteacht ar obair mar seo ar oileán, níl sé cosúil le tír mór má chailleann tú uisce tamall,” a dúirt sí.
Thug sí le fios go raibh “umar nó tanc mór fágtha ar an chéidh i nGabhla ó Aibreán na bliana seo, ag pumpáil uisce chuig na tithe, ach bhí gá an t-uisce sin a bhruith go fóill. Chiallaigh sé go raibh uisce ar fáil i sconnaí na dtithe an samhradh seo. Ansin, rinne Uisce Éireann conraitheoirí a cheapadh agus le cúpla seachtain tá obair mhór ar siúl, píopa úr a leagan agus a thabhairt go Gabhla.”
Bhí bádóirí áitiúla, tumadóirí agus innealtóirí ag obair ar an uisce a athcheangal ó dheireadh Lúnasa, agus bhíothas ag scrúdú chaighdeán an uisce le cinntiú go raibh sé sábháilte an fógra bruite a thógáil arís.
“Ghlac sé am, airgead, córas sealadach uisce, triúr conraitheoir ag obair air seo agus caithfidh mé a rá, ghlac achan duine an obair go dairíribh,” a deir Bridget. “Tá lúcháir orm go mbeidh rudaí mar a bhí, agus an t-uisce cóirithe ar Ghabhla, tá sé de dhíth ar lucht na dtithe, an siopa agus ar an phobal.”
Ar oileáin Árann – Inis Meáin, Inis Mór agus Inis Oírr na Gaillimhe – bhí ganntanas mór uisce ann le linn an tsamhraidh ar chúiseanna eile. Chuir an líon ard turasóirí agus aimsir thirim brú ar stoc uisce, agus bhí ciondáil uisce i bhfeidhm in Iúil agus Lúnasa ar Inis Mór agus Inis Oírr, idir uaireanta ar leith.
B’éigean ciondáil uisce a chur i bhfeidhm san oíche ón 3 Meán Fómhair ar feadh seachtaine ar na trí oileán, le huisce a spáráil. Dúirt Uisce Éireann go raibh “líon fearthana níos ísle ar na hoileáin ná mar a bhí ar an mórthír, agus cé gur laghdaigh líon na dturasóirí, go raibh stór uisce na n-oileán go fóill faoin ghnáthleibhéal”. Is fada grúpaí cosúil le Comhar na nOileán agus na comharchumainn áitiúla ag tarraingt aird ar na fadhbanna seo.
Sa tsiopa ar Ghabhla agus é ag réiteach pota tae, tá lúcháir ar Eddie Joe go bhfuil an fhadhb cóirithe faoi dheireadh maidir le cúrsaí uisce de.
“Bhí muid cleachtaithe leis an uisce, tá sé anseo againn os cionn 20 bliain. Bhí lá mór ar an oileán nuair a tiontaíodh an t-uisce agus an electricity ar siúl, bhí scaifte istigh.
“Bhí muid i ndrochdhóigh ó rinneadh damáiste don phíopa anuraidh, thart fá Iúil. Bíonn tú ag brath ar uisce anois – tithe ar cíos, daoine ag stopadh thar oíche, ag iarraidh dinnéar a dhéanamh nó an leithreas a úsáid,” a deir sé.
“Bhí obair ag gabháil ar aghaidh anseo, chuir Uisce Éireann córas ar bun, tancanna uisce agus iad ag líonadh uisce isteach sa chóras sna tithe, ach ní raibh ann ach rud sealadach.
“Tá an píopa úr ann anois, bhí mé féin amuigh ar an bhád ag cuidiú, agus tá an supply le ceangal anois inniu nó amárach,” a dúirt sé.
Cé go dtagann deireadh le séasúr na turasóireachta, bíonn daoine ag teacht agus ag imeacht ar a mbádaí féin chuig a dtithe, fiú i lár an gheimhridh má bhíonn an fharraige socair.
“Má tá áit agat istigh anseo, ba mhaith leat a bheith ábalta fanacht ann an fhad is a thig leat,” a deir Eddie Joe.
Ar an lá fómhair seo i nGabhla, idir chith is dealán, tá baicle bheag cuairteoirí as na Sé Chontae agus Albain ar cuairt. Buaileann siad isteach chuig an Teach Beag don tae agus don chuideachta, ag fáil na scéalta nuachta ó fhear an tsiopa, sula dtéann siad ag siúl amach chuig na beanna.
Ní hé seo a gcéad chuairt, agus meallann na radhairc iad, cuma cén sórt aimsire atá ann, a deir Eddie Mac Aoidh. Tá seisean dóchasach go bhfuil ré úr ann do na hoileáin bheaga, do thurasóirí atá ag iarraidh bheith sa Ghaeltacht ach go fóill in áit atá éagsúil ón tír mór.
“An rud is mó a deir daoine liom atá speisialta fá Ghabhla nó an suaimhneas anseo, go bhfuil do chloigeann ciúin, níl tú bamboozled le teicneolaíocht mar a déarfá! Tá daoine a thagann isteach anseo, agus glacann siad teach ar cíos; an chéad rud a ní siad, fágann siad an fón san fhuinneog. Níl uaireadóir a dhíobháil, níl an raidió a dhíobháil agus níl an mobile phone a dhíobháil. Beidh sin uilig san fhuinneog, amach as an bhealach go dtí an lá a dtagann siad amach arís.”
Tá polasaí ag an rialtas Ár nOileáin Bheo ó 2023 ag iarraidh cur le daonra na n-oileán agus fosta le hiarracht a dhéanamh “forbairt a dhéanamh ar an infheistíocht atá déanta cheana i bpobail na n-oileán agus i mbonneagar na n-oileán”. Cuireann an polasaí sin deich n-oileán san áireamh mar oileáin Ghaeltachta, Gabhla ina measc.
Mar chuid den pholasaí rialtais sin, fógraíodh maoiniú €3.7 milliún i mí Iúil na bliana seo le “tacú le infreastruchtúr ar na hoileáin amach ón chósta,” a dúirt an tAire Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary. Tá an maoiniú sin dírithe ar bhealtaí, láthair tuirlingte d’ingearáin, céanna agus ballaí cosanta mara a fheabhsú.
Ceadaíodh maoiniú d’oileáin Ghaeltachta cosúil le Gabhla agus Inis Bó Finne i dTír Chonaill, Inis Bigil i Maigh Eo, Oileáin Árann na Gaillimhe, agus Cléire i gCorcaigh.
Ar Ghabhla, tá conraitheoir agus oibreannaí ag obair ar uasghrádú a dhéanamh ar chuid de bhealtaí an oileáin an fómhar seo. Blianta ó shin ní raibh ach clocha agus graibhéal garbh ar na bealtaí, ach anois tá siad clúdaithe le tarra agus dromchla maith orthu.
Cuidíonn na nithe seo le pobail ar oileáin bheaga caighdeán maireachtála níos fearr a bheith acu, a deir Bridget Nic Gairbheith, agus éascaíonn siad an saol do chuairteoirí fosta.
Tá staidéar féidearthachta ar bun faoi láthair le fáil amach an féidir cur le seirbhísí farantóireachta chuig na hoileáin bheaga, le síneadh a chur leis an am a dtig le daoine cuairt a thabhairt orthu, nó cur le líon na laethanta a gcuireann daoine fúthu orthu.
Tá athruithe móra ar Ghabhla ó druideadh doirse na seanscoile sna 1960idí, tithe breátha sócúlacha anois ann, le compord an uisce reatha agus earraí leictreacha ag cur go mór leis an tréimhse a chaitheann daoine ann.
Mar sin féin, caithfear an chothromaíocht a aimsiú, a deir Eddie Joe Mac Aoidh, agus an rud speisialta sin atá le fáil ar oileáin na Gaeltachta a chaomhnú.
“Tá daoine ag iarraidh fáil ar shiúl ón hustle and bustle cosúil le Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus na bailte móra nuair atá siad anseo. Ba mhaith leo Gaeilge a chluinstin agus seanchas na háite.
“Bíonn siad amuigh ag siúl, ag cadhcáil agus ag snámh. Sin an rud is mó anseo, an suaimhneas, go ndéanann sé maith duit fáil ar shiúl ó sin uilig ar feadh seachtaine.
“Seo an baile againne i gcónaí, agus coinneoidh muid orainn ag inse do dhaoine faoin tsaol bhreá a bhí agus atá le fáil anseo,” a deir sé.
Tá súil aige go n-éascóidh polasaithe oileánda an rialtais an teagmháil agus an meas atá ar oileáin cosúil le Gabhla.
■ Maoinithe ag an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil.